Cuireann muid romhainn
téatar do pháistí a cruthú atá
simplí ach snasta, a léiríonn smaointe casta
tríd leas cruthaitheach a bhaint as méid bheag acmhainne
amharclainne. Téatar a spreagann feith na samhlaíochta
sa lucht féachanna agus ag an am céanna a thugann dúshlán
dóibh. Téatar a osclaíonn idirphlé lenár
lucht féachana agus a sholáthraíonn catalíoch
don oideachais.
Spraoi
Fograíonn
Branar agus Gombeens léiriú úrnua SPRAOI
agus clár scoile 2012 do ranganna Naíonáin.
Is scéal simplí
atá ann faoi bheirt bhuachaill a shroiceann an áit
céanna ag an am céanna agus ní thuigeann
siad céard atá le déanamh acu. Ní
thuigeann siad teanga a chéile ná geatsaí
a chéile. Is maith le duine acu riallacha agus tá
duine eile beag beann orthu. Caithfidh siad modh cumarsáide
a aimsiú chun go mbeidh siad in ann Spraoi le chéile.
Beidh muid ag díriiú ar insealbhú teanga
ar bhonn bunúsach, is ag lipéadú.
Arna stiúradh ag
Marc Mac Lochlainn.
Aisteoirí Miquel
Barceló agus Jonathan Gunning
Buíochas Ealaín
na Gaeltachta faoi Scéim Forbartha na nEalaíon 2011
le Fóras na Gaeilge,le Comhairle Cathrach na Gaillimhe
agus le Comhairle Chondae na Gaillimhe as tacaíocht a thabhairt
don tógra seo.
Eolas
Teagmhála Marc Mac Lochlainn
Stiúrthóir
Branar Drámaíochta, Áth an Ghlugair, Bearna,
Co na Gaillimhe. Guthán: +353 (0) 91 590999
+353 (0)
91 442360 Fón poca: +353 (0) 86 8546616 R-phost:info@branar.ie Greasán: www.branar.ie